Bronnadh ar Mháirín Ní Bhroin

Bhronn Seán Ó Cinnéide thar ceann Pharóiste Dhún Chaoin, píosa ealaíne le Dómhnal Ó Bric, a bhí coimsiúnaithe go speisialta ag Comharchumann Dhún Chaoin,  ar Mháirín Ní Bhroin ag cóisir na Nollag ar an 10 Nollaig. Iarscoláire de chuid Mháirín é Dómhnal agus is taibhsiúil an píosa ealaíne atá cruthaithe aige.

Chaith Máirín 25 bliain ag múineadh sa scoil agus  d’éirigh Máirín Ní Bhroin as a cuid dualgaisí mar phríomhoide go hoifigiúil ar an 4 Nollaig.

Beidh breis grianghrafanna á gcrochadh ar an leathanach Gailearaí go luath.

Go n-éirí leat a Mháirín ó gach aon duine sa pharóiste.