Is í Máire Ní Mhaoileoin atá ceaptha i gcomharbacht ar Mháirín Ní Bhroin mar phríomhoide ar Scoil Dhún Chaoin. Is ón nGráigh i bParóiste an Fheirtéaraigh do Mháire agus tá sí ag múineadh sa cheantar le roinnt blianta anuas tar éis di filleadh ar an bhfód dúchais. Tá ardaithne ag leanaí na scoile uirthi cheana féin toisc go mbíodh sí ag múineadh sa scoil roinnt laethanta gach seachtain mar mhúinteoir feabhais. Ana-bhean drámaí í Máire agus feictear í go minic ar stáitse le hAisteoirí Bhréanainn. Guímid ar fad gach rath agus sonas uirthi ina post nua.