Tá cáil na dea-chainte riamh ar mhuintir Dhún Chaoin agus lean glúin óg an pharóiste an traidisiún seo an tseachtain seo nuair a thugadar an svae leo ag Comórtas Uí Chadhain, comórtas réigiúnda díospóireachta Ghael Linn. Ba iad Pádraig Ó hÓgáin agus Pádraig Óigí Ó Sé ó Dhún Chaoin agus a gcomhscoláire Iseult Ní Lubhaing ó Bhaile an Chalaidh, a bhí i mbun díospóireachta ar son fhoireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Beidh Craobh na hÉireann ar siúl ar an 26 Eanair 2012. Guímid gach rath orthu.